← Bhí teach beag aige féin agus ag a bhean ag bárr an chnuic. 🔊
← Bhí capall breá glas aige agus bhíodh sí aige ag díol an phoitín. 🔊
← Chuaigh sé lá amach, agus chonaic na gárdaí é, agus lean siad é go dtí an teach. 🔊
← Nuair a bhí sé in aice an tighe, d'isligh sé den chapall agus chaith sé cúpla punt i n-aoileach an chapaill, agus dúirt sé leis na gárdaí go raibh an capall lán d'airgead. 🔊
← Nuair a tháinig siad chuige le príosúnach a dhéanamh dhe, bhí giorria aige, agus dúirt sé go mba é an teachtaire a b'fhearr a bhí aige riamh, go mbíodh sé ag iompar airgid go dtí an siopa dhó. 🔊
← Thóig na gárdaí an giorria agus cheangail siad cupla punt faoi na mhuineál, agus chuir chuig an siopa é ach níor facthas arís é. 🔊
← Nuair a chuala sé an scéal, mharaigh sé coileach, agus cheangail sé máilín faoi mhuineál na mná agus líon sé le fuil na coiligh é. 🔊
← Dúirt sé go maródh sé a bhean, agus go ndéanfadh sé beo arís í. 🔊
← Fuair sé scian agus gheárr sé an máilín, agus thit an bhean marbh. 🔊
← Thosaigh sé ag feadail ansin agus d'éirigh an bhean suas. 🔊
← Chuaigh na gárdaí abhaile, agus rinne siad an cleas céanna le na gcuid mná ach níor fhéad siad iad a dhéanamh beó arís. 🔊
← Bhuail siad isteach ag Brian agus bhuail siad síos i mála é agus thugadar suas go Gaillimh é lena bhá sa bhfarraige. 🔊
← Lean siad é agus an mála a raibh Brian istigh ann, chaith siad uatha é. 🔊
← Bhí fear ag dul chuig an margadh agus chonaic sé Brian sa mála. 🔊
← Chuaigh an fear eile isteach sa mála agus dúirt sé le Brian na beithigh a dhíol. 🔊
← Thóg na gárdaí an mála arís agus níor stop siadgo ndeacha siad go dúg na Gaillimhe. 🔊
← Chaith siad an mála amach sa bhfarraige, agus d'imigh siad abhaile. 🔊
← Bhí siad scaitheamh amach ón mbaile mór nuair a casadh dóibh Brian agus na beithigh aige. 🔊
← Cheistigh siad é, agus dúirt sé go bhfuair sé na beithigh amuigh sa bhfarraige agus go raibh go leor fágtha fós ann. 🔊
← Níor chreid siad an uair seo é agus leig siad abhaile é. 🔊